Lónadóireacht Inmharthana

Lónadóireacht Inmharthana

Caifé beag Gaeltachta is ea POTA, áit a bhfuil béim ar phobal, inmharthanacht agus ardchaighdeán. Táimid lonnaithe i gcroílár ceann de na ceantair labhartha Gaeilge is mó sa tír, ar shlí an Atlantaigh Fhiáin. Bímid ag tarraingt ar inspioráid ón domhan mór leis an leas is fearr a bhaint as na comhábhair áitiúla, shéasúracha atá ar fáil dúinn.

Má tá tú ag tabhairt daoine le chéile, cabhróimid leat é a dhéanamh speisialta.Pacáistiú agus soithí in-bhithmhillte amháin a chuirimid ar fáil lenár gcuid lónadóireachta. Úsáidimid comhábhair shéasúracha, orgánacha agus áitiúla agus bíonn fíorbheagán cur amú againn inár gcistin.

Cliceáil ar an gcnaipe
lenár mbróisiúir lónadóireachta
a íoslódáil