“Teip samhlaíochta atá sa chur amú.”
-Douglas McMaster

BIA

Foinse
Úsáidimid oiread comhábhair áitiúla, shéasúracha agus orgánacha agus is féidirlinn ar ár mbiachlár (cuid a fhásaimid nó a bhailímid féin san áireamh). Mar sin, bíonn ár gcuid bia níos úire, níos blasta, níos fearr don timpeallacht agus níos fearr duitse.

Ithe
Is breá linn ár n-aistear inmharthanachta a roinnt lenár gcustaiméirí. Tá an áit as a dtagann a gcuid bia agus an chaoi ina réitímid é chomh tábhachtach céanna dóibhsean is atá sé dúinne. Nuair a bhíonn luach againn ar ár gcuid bia is lú i bhfad de a chuirimid amú.

Cócaireacht
Déanaimid iarracht gach cuid de gach comhábhar a úsáid. Chomh maith leis sin, oibrímid go dlúth lenár soláthraithe. Má bhíonn fuílleach de chomhábhar amháin ag soláthraí, tiocfaimid ar bhealaí cruthaitheacha le hé a úsáid le nach gcuirfear amú é.

FUINNEAMH

Fuinneamh Gréine
Úsáidimid fuinneamh na gréine, ginte ag na painéil amuigh ar chúl, lenár spleáchas ar an líonra leictreachais a laghdú. Stórálaimid aon fhuinneamh breise a ghinimid i gcadhnra. Má theipeann ar an líonra leictreachais, coinníonn an cadhnra ár gcuid cuisneoirí ar siúl le cur amú bia a laghdú.

Bithmheatán
Nuair a bhriseann bia síos ina mhúirín, scaoileann sé amach gás nach bhfuil go maith don timpeallacht. Cuirimidne ár gcur amú bia isteach inár mbithdhíleáiteoir, áit a mbeirimid ar an ngás le húsáid le haghaidh cócaireachta. Laghdaíonn sé seo freisin an úsáid a bhainimid as breoslaí iontaise.

Éifeachtacht
Bímid i gcónaí ag cuardach modhanna oibre atá níos éifeachtaí ó thaobh fuinnimh de. Is fearr don timpeallacht agus don bhlas go minic rudaí a chócaráil go mall íseal! Úsáidimid fearas atá éifeachtach ó thaobh fuinnimh de agus is minic a cheannaímid fearas athchóirithe in áit fearas úrnua. Má bhriseann píosa trealaimh, is fearr linn é a dheisiú más féidir.

CUR AMÚ

Uisce
Acmhainn luachmhar atá san uisce, ach rud amháin nach bhfuilimid gann uirthi i nGaillimh ná an bháisteach. Bailímid uisce báistí le cur ar ár gcuid plandaí.

Pacáistiú
Iarraimid ar ár soláthraithe a laghad pacáistiú agus is féidir a úsáid. Is i ngloine agus i stáin a bhíonn ár gcuid deochanna fuara ar fad agus is i soithí in-bhithmhillte a chuireann muid bia agus deochanna teo le himeacht. Aon rud is féidir linn a athúsáid nó a athchúrsáil, déanaimid sin.

Múiríniú
Cuirimid formhór mór ár gcuid cur amú bia isteach sa bhith-dhíleáiteoir. Istigh ann, itheann miocrorgánaigh an bia agus tugtar gás dúinn dár gcistin agus múirín leachtach lenár nglasraí a fhás.