top of page
IMG_0509.JPG

Lónadóireacht

Má tú ag eagrú ócáide is féidir linn cuidiú leat.

Is féidir linn réimse leathan beatha a chur ar fáil ag baint úsáide as na soláthraithe áitiúla céanna atá le feiceáil ar fud ár mbiachlár sa chaifé. Mar sin, is féidir leat beatha álainn a fháil le haghaidh d'ócáid agus fios a bheith agat go bhfuil tú ag tacú le táirgeoirí beaga áitiúla agus ag tabhairt aire don timpeallacht freisin.

Má theastaíonn foireann freastail uait, is féidir a bheith cinnte de go mbeidh Gaeilge líofa ag gach ball foirne d'ár gcuid.

Blaisíní

Is féidir linn réimse leathan canapés a chur ar fáil le haghaidh imeachtaí agus cóisirí. Is féidir linn deochanna fuara agus teo a chur ar fáil freisin. 

Athraíonn an méid ar féidir linn a chur ar fáilag braith ar a bhfuil in séasúr ag an am. Féach ar an mbiachlár samplach atá againn anseo.

IMG_20220406_122457.jpg
IMG_4459.JPG

Ceapairí

Más ag eagrú cruinnithe atá tú, ag obair as baile nó díreach ag iarraidh rud éigin deas a dhéanamh don fhoireann is féidir linn boscaí aonair nó boscaí móra ceapairí a chur ar fáil.

Caith súil ar an mbiachlár ceapairí anseo thíos go bhfeicfidh tú an réimse ar féidir linn é a chur ar fáil.

POTA Café

An Tulach

Baile na hAbhann

Co. na Gaillimhe

H91 A9W8

085 756 6963

potacafe@gmail.com

Dé Máirt - Dé Sathairn, 9am-4pm

Dé Domhnaigh, 10am-4pm

,

Bric-Féasta | Lón | Siopa

©2021 POTA.

bottom of page