Bí linn le haghaidh oíche speisialta leis an amhránaí clúiteach, Orla Ní Fhinneadha. Is cara mór le POTA í Orla agus táimid ag súil go mór le hoíche a chaitheamh léi, ag ceol is ag caint, ag ól is ag ithe.
Tá Orla ag gabháil don amhránaíocht ó thosnaigh sí ag freastal ar ranganna sean-nóis le Máire Pheitir Uí Dhroighneáin agus í ar an mbunscoil agus in 2024 bhuaigh sí Corn na mBan ag Oireachtas na Samhna. Bhí an-tionchar ag Máire uirthi chomh maith le hathair Orla féin, Jimi Ó Finneadha.
Is as an gCloich Mhór, Baile na hAbhann d’Orla agus tá leir mór duiseanna bainte amach aici. Tá sí an-bhródúil as an 3ú hait a bhaint amach i gCorn Uí Riada ag an Oireachtas in 2016. Chomh maith le sin bhuaigh Orla ag Fleadh Cheoil na hÉireann cúpla uair nuair a bhí sí ina déagóir, bhuaigh sí an Comórtas Amhránaíochta do Mhná faoi 35 ag an Oireachtas i 2012, agus tháinig sí sa dara háit i gCorn na mBan in 2014.
Tá an-éileamh ar Orla mar mhúinteoir sean-nóis. Léiríodh na scileanna seo go soiléir sna físeáin a cruthaíodh do Cúla 4 ar Scoil ina raibh sí ag múineadh amhrán le linn thréimhse Covid. Tá Orla an-bhródúil go bhfuil go leor páistí fós ag breathnú agus ag foghlaim ó na hamhráin áille a thaifead sí i rith an ama sin.
Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe, a mhaoiníonn an tionscnamh don Amhránaí Cónaitheach.
Tá an t-imeacht seo saor in aisce ach tá líon teoranta spásanna ar fáil, mar sin tabharfar tús áite dóibh sin atá cláraithe roimh ré.